Job Details: Ógras: Oifigeach Tionscnamh


Irish Future
Talbot Street
Dublin 1
irishfuture.ie
Ógras: Oifigeach Tionscnamh


OIFIGEACH TIONSCNAMH

TÁ ÓGRAS AG LORG DUINE DÍOGRAISEACH, RÉAMHGHNÍOMHACH, AGUS
TIOMÁNTA LE THEACHT AG OBAIR MAR CHUID D’FHOIREANN ÓGRAS LE
CINNTIÚ GO BHFUIL TEACHT AG NÍOS MÓ DAOINE ÓGA AR CHLÁRACHA AGUS
AR TIONSCNAIMH ÓIGE TRÍ MHEÁN NA GAEILGE. IS DEIS IONTACH É SEO DO
DHUINE A BHFUIL TAITHÍ ACU AR BHAINISTIÚ TIONSCNAMH AGUS GUR MIAN
LEO TIONCHUR DEARFACH A IMIRT AR OBAIR ÓIGE TRÍ MHEÁN NA GAEILGE.

CÚLRA ÓGRAS

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i * le
seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Cuireann Ógras
réimse leathan de sheirbhísí ar fáil – idir clubanna óige,
tionscnamh, cláracha agus traenáil - le tacú le forbairt
shóisialta agus phearsanta an duine, agus ag an am céanna an
Ghaeilge agus cultúr dúchais na hÉireann a chur chun cinn.

AN RÓL

Beidh an tOifigeach Tionscnamh ag obair ar Chláracha agus ar
Thógraí éagsúla le fás agus forbairt a dhéanamh ar bhallraíocht
Ógras. Beidh gá le tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do
cheannairí chomh maith le nascanna nua a chruthú agus a fhorbairt le
grúpaí pobail, scoileanna agus eagraíochtaí gaolmhara eile. Mar
chuid den ról beidh ar an duine imeachtaí a comhordú, ceardlanna a
fhorbairt agus a eagrú, cruinnithe a reáchtáil agus seisiúin
eolais a chur ar siúl i gceantracha éagsúla timpeall na tíre.

AG TUAIRISCIÚ CHUIG: Stiúrthóir Ógras

CONRADH: Post lán-aimseartha ar feadh bliana le féidearthacht
síneadh ama (ag brath ar mhaoiniú)

LONNAITHE: Ceantar Chúige Laighean. Beidh taisteal i gceist leis an
phost.

UAIREANTA OIBRE : Lán-aimseartha ( *.5 uair sa
tseachtain)
Is gá don duine a bheith solúbtha mar beidh gá obair sa tráthnóna
agus ag deireadh seachtainí

MAOINITHEOIR: An Roinn Leanaí, Comhionannas, Míchumais,
Lánpháirtíochta agus Óige

FREAGRACHTAÍ AN PHOIST

* Tionscnamh Ceartas Aeráide Ógras a sholáthar i gclubanna Ógras
timpeall na tíre
* Cláracha agus traenáil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do
cheannairí fásta agus do cheannairí óga
* Traenáil a chur ar fáil do cheannairí faoi Chláracha
Ógras/Óg-Ógras – Ceartas an Pháiste, Scileanna Saol agus Amuigh
Faoin Aer agus a chinntiú go bhfuil na cláracha a gcur i bhfeidhm
sna clubanna
* Tionscnamh agus Tograí eile a fhorbairt agus a sholáthar
* Comhordú a dhéanamh ar Chlár Idirnáisiúnta Ógras
* Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair
ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
* Tacú le breis chlubanna de chuid Ógras agus Óg-Ógras a bhunú
timpeall na tíre, trí earcú ceannairí, traenáil agus tacaíocht a
chur ar fáil nuair is gá
* Tacú le Imeachtaí réigiúnda agus naisiúnta a eagrú agus a
reáchtáil
* Maoiniú a lorg do thionscadail nua
* Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair

SONRAÍOCHT PHEARSANTA

SCILEANNA

* Scileanna cumarsáide idir labhairt agus scríobh i nGaeilge agus i
mBéarla cur i láthair san áireamh;
* Scileanna maithe idirphearsanta
* Ardscileanna ríomhaireachta
* Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí
cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt

PEARSANTACHT

* Scileanna idirbheartaíochta;
* Scileanna comhréitigh;
* Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus
a chur i gcrích;
* Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin

TAITHÍ

* Taithí ar Bainistiú Tionscnamh
* Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
* Taithí ar chúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil
* Taithí ar bhunú grúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
* Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta

EOLAS

* Eolas ar Ógras agus ar an earnáil óige
* Eolas agus tuiscint ar riachtanais daoine óga

CÁILÍOCHTAÍ

* Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i
réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
* Cáilíocht sa Ghaeilge

PRÍOMHSHONRAÍ

Tuarastal:Ag tosnú idir € *,**Apply on the
website** - € *, *
Post Lán-aimseartha
Laethanta Saoire: * lá pro rata.

SEOL LITIR IARRATAIS CHOMH MAITH LE C.V. CHUIG **APPLY ON THE
WEBSITE**

SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS: * Deireadh Fómhair
*


We need : English (Good)

Type: Permanent
Payment:
Category: Others

Apply for this Job Offer
Name: (*) 
Email: (*) 
Phone: (*) 
Please Provide a Cover in the English Language.
CV: (*) 
Are you human ?
Share on your Facebook Page: